Is é David Kay an tOllamh le Comhshaol agus Sláinte in Ollscoil Aberystwyth. Tá obair déanta aige mar shainchomhairleoir agus/nó mar chomhairleoir do WHO, AE, USEPA, NERC, EPSRC, DEFRA, DWI, HPa, Rialtas na hAlban, An Ghníomhaireacht Chomhshaoil, SEPA agus WRc maidir le nithe a bhaineann le huisce áineasa agus snámha. Rinne sé stiúradh ar thrí thionscadal taighde agus forbartha teicneolaíochta (RTD) de chuid an Aontais Eorpaigh a bhí ceaptha chun an bonn eolaíochta le haghaidh Threoir 2006 maidir le hUisce Snámha (EPIBATHE, VIROBATHE agus VIROCLIME) a neartú. Le déanaí, d’oibrigh David Kay sna róil seo a leanas:
- comhairleoir speisialtóireachta don fhiosrúchán a rinne Roghchoiste Theach na dTiarnaí um na Comhphobail Eorpacha ar athbhreithniú Threoir AE maidir le hUisce Snámha;
- sainchomhairleoir do EU-DGXI maidir le caighdeáin athbhreithnithe le haghaidh uiscí snámha ar fud an chomhphobail;
- ball de Choiste Comhairleach Eolaíochta NERC ar an Tionscnamh maidir leis an gComhshaol agus le Sláinte an Duine;
- ball de ghrúpa stiúrtha WHO ar thruailliú idirleata ó dhramhaíl bheostoic agus na héifeachtaí ar shláinte an duine;
- comhairleoir do WHO maidir le ceapadh Treoirlínte faoi uisce áineasa agus maidir le measúnacht riosca a bhaineann le cúrsaí uisce;
- sainchomhairleoir do WHO agus do UNEP maidir le forbairt a dhéanamh ar mheasúnacht ualaigh galair dhomhanda i réimse an uisce agus na sláintíochta agus ar na sonraí uisce agus sláintíochta a úsáidtear chun Spriocanna Forbartha inbhuanaithe a cheapadh;
- comhairleoir do USEPA maidir le hathbhreithniú Threoirlínte Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le cáilíocht uisce; agus
- sainchomhairleoir do WHO agus do AE maidir le hathbhreithniú na Treorach maidir le hUisce Snámha (2006).