
Taighdeoir Iardhochtúireachta
Aberystwyth
Rinne an Dr Mark Wyer staidéar ar dhinimic cothaitheach i ndobharcheantair agus, i leith an staidéir sin, fuair sé MSc i gCeanada agus fuair sé PhD sa Bhreatain Bheag. Mar eolaí iardhochtúireachta, tá obair cheannródaíochta déanta aige i leith imscrúduithe na Ríochta Aontaithe ar dhinimic mhiocróbach dobharcheantar agus ar na bealaí ina dtéann orgánaigh tháscacha faecais agus pataiginí isteach in uiscí cósta gar don chladach. Tá os cionn 100 saothar, idir pháipéir agus thuarascálacha, foilsithe aige maidir leis an réimse seo agus tá obair ghaolmhar déanta aige maidir leis na héifeachtaí sláinte a bhaineann le gníomhaíochtaí áineasa muirí agus uisce úir.
Bhí sé i gceannas ar an obair a bhain le múnlú fíorama cháilíocht an uisce snámha, ar obair í a rinneadh mar chuid de thionscadal Cóstaí Cliste le maoiniúchán ó AE agus ar dá bharr a athraíodh láithreán staidéir Bhá Swansea ó uisce snámha ‘i mbaol’ go haicmiú ‘Maith’ go comhsheasmhach. Tá meithleacha oibre allamuigh na Breataine Bige á mbainistiú ag Mark le haghaidh thionscadal Acclimatize agus beidh sé i gceannas ar bhailiú, ar thiomsú, ar ghlanadh, ar anailísiú agus ar thuairisciú sonraí. Le linn a chuid ama shaoir is maith leis cnocadóireacht a dhéanamh agus ceol acústaice a sheinm.