An tOllamh Wim Meijer
Príomhimscrúdaitheoir
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is é an tOllamh Wim Meijer an tOllamh le Micribhitheolaíocht agus Ceann Scoil na hEolaíochta Bithmhóilíní agus Bithleighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá a chuid taighde dírithe ar bhaictéir phataigineacha a mhéid a bhaineann le sláinte ainmhithe agus daoine. Sa chomhthéacs sin, tá stiúradh déanta aige ar thionscadail taighde a bhfuarthas maoiniúcháin ina leith ó ghníomhaireachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear Fiontraíocht Éireann, Fondúireacht Eolaíochta Éireann, an Bord Taighde Sláinte, an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, an tAontas Eorpach (ICREW, Cóstaí Cliste, CODTRACE) agus Gníomhaireacht na hÉireann um Chaomhnú Comhshaoil. Faoi láthair, tá maoiniúchán á chur ar fáil ag an dá eagraíocht is déanaí díobh sin atá luaite le haghaidh taighde atá dírithe ar réamh-mheas fíorama cháilíocht an uisce snámha, ar fhorbairt teicneolaíochtaí chun bunús bitheolaíochta agus tíreolaíochta an truaillithe uisce a shainaithint agus ar fhorbairt teicníochtaí chun Cripteaspóiridiam a bhrath.


An Dr John O’Sullivan
Príomhimscrúdaitheoir
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá an Dr John O’Sullivan ina Chomhlach d’Institiúid Domhain UCD agus tá sé ina bhall de Lárionad Dooge UCD le haghaidh Taighde Acmhainní Uisce i Scoil na hInnealtóireachta Sibhialta.  Is céimí é de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (BAI, 1993), Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (MSc, 1994) agus Ollscoil Uladh (PhD, 1999).

Tá spéis ag an Dr O’Sullivan i dtaighde faoi hidreolaíocht, faoi hiodrálaic agus faoi mhúnlú hidridinimice agus bhí sé ina Phríomhimscrúdaitheoir le linn tionscadail náisiúnta agus Eorpacha sna réimsí sin.  Tá 35 pháipéar foilsithe ag an Dr O’Sullivan in irisí idirnáisiúnta a ndéantar athbhreithniú piara orthu, mar aon le 1 chaibidil leabhair agus níos mó ná 50 páipéar comhdhála.  Ina theannta sin, tá sé ina Eagarthóir Comhlach d’Iris an Chumainn Idirnáisiúnta Uisce (IWA) maidir le Soláthar agus Teicneolaíocht Uisce agus tá sé ina bhall de Bhord Comhairleach Idirnáisiúnta Iris an Taighde Hidreolaíochta agus Comhshaoil.


An tOllamh Gregory O’Hare
Príomhimscrúdaitheoir
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ba é an tOllamh Gregory O’Hare Ceann na Roinne Ríomheolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) sa tréimhse 2001-2004 agus tá sé ar dhuine de Phríomhimscrúdaitheoirí agus de bhunaitheoirí an Lárionaid Eolaíochta agus Teicneolaíochtaí Innealtóireachta (CSET), ar a dtugtar CLARITY: Ionad na dTeicneolaíochtaí Gréasán Braiteoirí, agus a fhaigheann maoiniúchán (€16.4M) ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann. Tá os cionn 330 foilseachán mheasúnaithe foilsithe aige le haghaidh Irisí agus Comhdhálacha Idirnáisiúnta, mar aon le 6 leabhar, agus tá ioncam suntasach deontais faighte aige (ca €28.00M).


An Dr Bat Masterson
Príomhimscrúdaitheoir
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá an Dr Bartholomew Masterson  ina Ollamh Taca de chuid Scoil na hEolaíochta Bithmhóilíní agus Bithleighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.  Roimhe seo, bhí sé ina Léachtóir Sinsearach le Bithcheimic in COBÁC.  Is Ball den Chumann Idirnáisiúnta Uisce é.

Tá baint aige le fada an lá le taighde ar thruailliú miocróbach uiscí áineasa.  Bhunaigh sé grúpa taighde idirdhisciplíneach sa bhliain 1998 chun dul i mbun staidéir ar thruailliú miocróbach na n-uiscí snámha i mBré, Co. Chill Mhantáin, i gcomhar le comhpháirtithe in Ollscoil na Breataine Bige, ar staidéar é a fuair maoiniúchán ó INTERREG-II.  Leathnaigh an chomhpháirtíocht sin an taighde chuig tionscadal SMART a fuair maoiniúchán ó chlár INTERREG-IIIa agus a bhain le cáilíocht uisce áineasa  Bhaile Átha Cliath agus le cáilíocht uiscí sliogéisc i gCuan Bhanú, Co. Loch Garman.   Ba é a ghníomhaigh mar cheannaire tionscadail na hÉireann i leith thionscadal iCREW INTERREG-IIIb agus bhí sé ina bhall den Bhord Bainistíochta Idirnáisiúnta i leith an tionscadail sin in éineacht le comhpháirtithe as an bhFrainc, as an bPortaingéil, as an Spáinn agus as an Ríocht Aontaithe.  Bhain an obair i leith iCrew le forbairt teicníochtaí rianaithe foinsí móilíneacha bitheolaíochta i leith miocrorgánaigh tháscacha féinitíopa sa timpeallacht uisceach.  Le gairid, chuir comhpháirtíocht na hÉireann-na Breataine Bige tionscadal INTERREG-IVA dar teideal “Cóstaí Cliste=Pobail Inbhuanaithe” i gcrích, ar tionscadail é a bhí dírithe ar fhorbairt múnlaí réamh-mheastacha i leith truailliú miocróbach agus ar chur i bhfeidhm teicníochtaí rianaithe foinsí.

Faoi láthair, tá an Dr Masterson gníomhach i ndáil le dhá thionscadal eile.  Trí Acclimatize, atá á mhaoiniú ag Clár Comhair na hÉireann-na Breataine Bige, táthar ag féachaint le bearta a bhfuil gá leo chun déileáil le héifeachtaí an athraithe aeráide ar thruailliú uisce snámha a cheapadh agus trí SWIM, atá á mhaoiniú ag INTERREG-VA, táthar ag féachaint leis na múnlaí réamh-mheastacha is fearr a aimsiú i leith truailliú miocróbach i gcás uiscí snámha áirithe de chuid réigiún trasteorann na hÉireann agus le comharthaíocht chomhairleach phoiblí a fhorbairt.


Joanne Chadwick
Bainisteoir Oibríochtaí Acclimatize
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá taithí mhór ag Joanne ar bhainistiú tionscadal taighde mórscála Eorpach ar tríothu atá eolas cuimsitheach faighte aici ar Interreg agus chórais ollscoile. Ba í a d’fheidhmigh mar bhainisteoir tionscadail ar thionscadal dar teideal ‘Cóstaí Cliste = Pobail Inbhuanaithe’ a fuair maoiniúchán ó Interreg.

Beidh freagracht uirthi i ndáil le bainistíocht a dhéanamh ar oibriú Acclimatize ó lá go lá laistigh de COBÁC agus oibreoidh sí le hOllscoil Aberystwyth agus leis na geallsealbhóirí oibríochtúla chun freagrachtaí chomhpháirtí ceannais COBÁC a chomhlíonadh.


An Dr Liam Reynolds
Taighdeoir Iardhochtúireachta
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá an Dr Liam Reynolds ina Thaighdeoir Iardhochtúireachta i Scoil na hEolaíochta Bithmhóilíní agus Bithleighis, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus, ina theannta sin, tá sé ina bhall den Chumann Micribhitheolaíochta Ginearálta (SGM) agus den Chumann Micribhitheolaíochta Feidhmí (SfAM).

Chríochnaigh an Dr Reynolds a PhD ar fhionnachtain frithsheasmhachta géinte in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha in Institiúid Déidliachta Eastman sa Choláiste Ollscoile, Londain. Fuair sé páirtmhaoiniú ón nGníomhaireacht um Ainmhithe agus Plandaí  i leith a PhD a bhí dírithe ar ghéinte nuálacha frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha ó bhaictéir neamh-insaothraithe seile daoine agus faecas laonna a shainaithint trí úsáid a bhaint as cur chuige feidhmiúil meitighéanómaíoch. Ina theannta sin, bhí sé páirteach i roinnt tionscadal deonach cianrochtana  nuair a bhí a PhD á dhéanamh aige agus ba chomhbhunaitheoir é de chuid thionscadal Swab and Send a raibh sé mar aidhm aige eolas a chur ar fáil don phobal faoi fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach.

Bhí an Dr Reynolds páirteach, mar mhac léinn samhraidh, i dtionscadal INTERREG-IVA dar teideal ‘Cóstaí Cliste = Pobail Inbhuanaithe’ agus is taighdeoir iardhochtúireachta anois é ar thionscadal Acclimatize agus, sa cháil sin, beidh foinse éillithe fhaecaigh i mbá Bhaile Átha Cliath á cainníochtú agus á cinneadh aige trí mheasúnacht a dhéanamh ar bhaictéir tháscacha faecais.


An Dr Laura Sala-Comorera
Taighdeoir Iardhochtúireachta
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá an Dr Laura Sala-Comorera ina Taighdeoir Iardhochtúireachta ar Thionscadal Acclimatize.  Tá MA san Eolaíocht Chomhshaoil aici, mar aon le PhD sa Mhicribhitheolaíocht agus sa Bhiteicneolaíocht Chomhshaoil. ó Ollscoil Barcelona. Bhí a taighde PhD dírithe ar staidéar agus ar thréithriú pobal heitreafóbach in uisce mianraí nádúrtha agus i ngléasraí cóireála uisce óil agus, chomh maith leis sin, ar mheasúnú a dhéanamh ar mhodhanna éagsúla, éifeachtúla, daingne, tapa atá le húsáid mar ghnáthmhodhanna anailísithe.

Tá taithí 6 bliana ag an Dr Sala-Comorera ar obair i saotharlanna micribhitheolaíochta i ngrúpa taighde MARS (Micribhitheolaíocht Uisce i dtaca le Cúrsaí Sláinte) agus tá páirt glactha aici i roinnt tionscadal a bhaineann le micribhitheolaíocht chomhshaoil. Tá sí ina ball de Líonra Tagartha Biteicneolaíochta na Catalóine, de Chumann Micribhitheolaíochta na Spáinne agus de Chónaidhm Eorpach na gCumann Micribhitheolaíochta. Roimhe seo, bhí sí ina ball de choiste eolaíochta Chomhdháil Bhliantúil na dTaighdeoirí Óga san Institiúid Taighde Uisce in Ollscoil Barcelona. Tá freastal déanta ag an Dr Sala-Comerera ar roinnt comhdhálacha a bhaineann lena réimse saineolais agus tá ailt foilsithe aici in irisí innéacsaithe.


Niamh Ní Mháirtín
CÚNTÓIR TAIGHDE
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is cúntóir taighde í Niamh Ní Mháirtín i Scoil na hEolaíochta Bithmhóilínigh agus an Bithleighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Bhain Niamh céim Baitsiléir Ealaíon sa Zó-eolaíocht (Mod) amach ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Sular bhain sí Máistreacht san Eolaíocht amach i “gCaomhnú agus Bainistiú Fiadhúlra” ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 2014. Bhí a cuid taighde dírithe ar an idirghníomhaíocht idir bithéagsúlacht agus galair zónóiseacha agus an tionchar atá acu ar shláinte an duine. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sí mar thaighdeoir allamuigh i ndeisceart na Fraince. Anseo, rinne sí maoirseacht ar thionscadail éagsúla maidir le caomhnú agus measúnacht ghnáthóga fhéileacáin agus éanlaith uisce. Tá suim ag Niamh staidéar a dhéanamh ar an idirghníomhaíocht idir bithéagsúlacht éanúil agus cáilíocht uisce snámha, go háirithe le dúshláin an athrú aeráide.


Megan Whitty Megan Whitty
Cúntóir Taighde
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is cúntóir taighde í Megan Whitty i Scoil na hEolaíochta Bithmhóilínigh agus an Bithleighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Bhain Megan Baitsiléir Eolaíochta i mBitheolaíocht Chomhshaoil amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 2019, agus lean sí ar aghaidh chun Máistreacht san Eolaíocht i “dTeicneolaíocht an Chomhshaoil” a bhaint amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 2020.

Tá obair déanta ag Megan ar réimse topaicí taighde ar fhíoruisce agus ar uisce sáile. Dá tráchtas fochéime, d’fhiosraigh sí an tionchar a bheadh nó nach mbeadh ag cuibhriú abhann ar phróifíl ocsaigine agus teochta taobh istigh de chórais abhann. Ina dhiaidh sin, dá tráchtas máistreachta rinne sí measúnú ar an acmhainneacht do théarnamh a bheadh ag plaistigh mhuirí dhíghrádaithe bunaithe ar a gcomhshuíomh fisiceach agus ceimiceach.
Sular tháinig sí go Acclimatize, d’oibrigh Megan ar Thionscadal Snámha an AE. Bhailigh sí samplaí ó uisce snámha agus rinne sí anailís orthu mar chuid d’fhorbairt ar chóras beomhonatóireachta ar uisce snámha.


Jayne Stephens
Mac Léinn Phd
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Tá Jayne Stephens ina mac léinn PhD i Scoil na hEolaíochta Bithmhóilíní agus Bithleighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, céim BSc sna hEolaíochtaí Comhshaoil uirthi sa bhliain 2014 agus bhí éiceolaíocht mhamach mar phríomhábhar aici. Tar éis a céim a chríochnú, ba í Jayne an t-iarratasóir Éireannach a glacadh isteach sa Chumann Bitheolaíochta Trópaicí in Cambridge chun cúrsa allamuigh a dhéanamh agus a chur i gcrích maidir le bithéagsúlacht thrópaiceach agus caomhnú trópaiceach sa Tansáin, agus mar chuid den obair sin bhí tionscadal taighde ann maidir le héagsúlacht pailnithe ag airdí éagsúla. Ina theannta sin, d’oibrigh Jayne san EPA ar thuarascálacha ó chomhairlí contae a chomhtháthú isteach sa bhunachar sonraí náisiúnta maidir le bainistiú dramhaíola.

Tar éis di roinnt blianta a chaitheamh ag obair ar thionscadail chaomhantais agus sa réimse spórt allamuigh in Éirinn agus sa Nua-Shéalainn, agus cuid den am sin a chaitheamh mar oibrí deonach, thosaigh Jayne ag cur spéis ar leith i dtruailliú uisce agus i gcáilíocht uisce. Tá páirt glactha aici i nglanadh tránna agus i ndíothú truailleán infheicthe ach, faoi láthair, tá sí ag díriú ar an ngné eolaíochta den éilliú ar leibhéal micreascópach.

D’oibrigh Jayne mar chúntóir taighde ar feadh ceithre mhí sular tháinig sí chun bheith ina mac léinn PhD leis an Ollamh Wim Meijer ar thionscadal Acclimatize agus aird á tabhairt aici ar thaighde micribhitheolaíochta ar thruailleáin in uiscí snámha na hÉireann.


Tristan Nolan
MAC LÉINN PHD
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is mac léinn PhD é Tristan Nolan i Scoil na hEolaíochta Bithmhóilínigh agus an Bithleighis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

I 2018, bhain Tristan Baitsiléir Eolaíochta sa Ghéineolaíocht amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Claith, chomh maith le modúl struchtúrtha roghnach i staitisticí agus anailísíocht sonraí. Is i saotharlann an Ollaimh Wim Meijer a thug Tristan faoina thionscadal fochéime don cheathrú bliain. Rinne sé staidéar ar thruailliú sna haibhneacha i mBaile Átha Cliath, le béim ar rianú fhoinsí miocróbacha.

Is as An Rinn é Tristan, sráidbhaile beag atá lonnaithe i ndeisceart Bhaile Átha Cliath in aice leis an Life. Tá stair shaibhir ag an Rinn ó thaobh na rámhaíochta de, stair a théann níos faide siar ná 80 bliain. Bhí baint ag a mhuintir leis an rámhaíocht thar na glúnta, agus tá sé féin ag rámhaíocht ó bhí sé 8 mbliana d’aois, a chiallaíonn go bhfuil a chuid taighde an-phearsanta.


Dr Guanghai Gao
EOLAÍ TAIGHDE
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Chríochnaigh Dr Guanghai Gao an PhD i Samhaltú Hidritimpeallachta ó Ollscoil Cardiff. I dtionscadal PhD Guanghai, rinneadh samhail hidritimpeallachta a fhorbairt agus a úsáid chun iompar dríodair hidridinimiciúil agus próisis bhaictéaracha a thuar in uiscí abhann, in uiscí cósta agus in uiscí inbhir.

D’oibrigh sé ansin mar Chomhpháirtí Taighde ar dhá thionscadal éagsúla in Ollscoil Cardiff. I gceann de na tionscadail, Taighde Ildisciplíneach ar Fhuinneamh Srutha Taoide, rinneadh samhlacha hidritimpeallachta a fhorbairt chun iniúchadh a dhéanamh ar thionchair na dtionscadal srutha taoide ar an gcomhshaol in Inbhear Severn sa Ríocht Aontaithe. Sa tionscadal eile, C2C SCAMALL GO CÓSTA: Measúnú comhtháite maidir le horgánaigh fhaecacha in uiscí cósta – an méid a théann i dteagmháil leis an gcomhshaol, na tionchair sláinte agus na rioscaí a bhaineann leo – rinneadh samhail hidritimpeallachta a fhorbairt chun cinniúint agus iompar Bhaictéir Tháscaire Faecach a spreagadh in Inbhear Ribble sa Ríocht Aontaithe. Sular thosaigh sé ag obair ar an Tionscadal Acclimatize mar Eolaí Taighde, bhí Guanghai ina léachtóir i roinn na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta Comhshaoil in Ollscoil Nankai sa tSín.


Dr Aisling Corkery
TAIGHDEOIR IARDHOCHTÚIREACHTA
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is Comhalta Taighde Iardhochtúireachta í Dr Aisling Corkery leis an Tionscadal Acclimatize san Ionad Dooge do Thaighde ar Acmhainní Uisce i Scoil na hInnealtóireachta Sibhialta. Tá spéis taighde aici in hidridinimic chóstacheantar agus iompar truailleáin. Chríochnaigh Dr Corkery a PhD mar chuid den thionscadal INTERREG-IVA ‘Cóstaí Cliste = Pobail inbhuanaithe’ inar díríodh ar chóras samhail fíor-ama do chóstacheantar a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun caighdeán uisce snámha a thuar.

Tá Máistreacht Eolaíochta i mBainistiú Acmhainní Uisce (Gradam) ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Baitsiléir Innealtóireachta (Onóracha) san Innealtóireacht Struchtúr ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath aici chomh maith le Baitsiléir Eolaíochta sa Zó-eolaíocht ón gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, tá níos mó ná 6 bliana taithí aici i sainchomhairleoireacht innealtóireachta agus is ball í d’Innealtóirí na hÉireann.


Dr Conor Muldoon
EOLAÍ TAIGHDE
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Is eolaí taighde é Dr. Conor Muldoon ar an tionscadal Acclimatize i Scoil na Ríomheolaíochta UCD agus tá spéis taighde aige i Líonraí Braiteoirí, i gCórais Ilghníomhairí, in Intleacht Shaorga Dháilte agus in Idirlíon na Rudaí Nithiúla. Sular oibrigh sé ar an tionscadal Acclimatize, d’oibrigh sé ar COBWEB (Citizen OBservatory Web), tionscadal FP7 ildisciplíneach dírithe ar Shluafhoinsiú, Líonraí Braiteoirí agus Eolaíocht Saoránach. Agus é mar thaighdeoir Iardhochtúireachta, bhí dhá chomhaltacht mór le rá aige ó Chomhairle Taighde na hÉireann um Eolaíocht, Innealtóireacht agus Theicneolaíocht (IRCSET), is iad sin an Chomhaltacht Soghluaisteachta Idirnáisiúnta Marie Curie INSPIRE agus an Chomhaltacht Embark. Le linn na comhaltachta soghluaisteachta, bhí sé mar aoi i Roinn na Ríomheolaíochta in Ollscoil Oxford ar feadh dhá bhliain don chéim amach agus bhí sé i Scoil na Ríomheolaíochta UCD ar feadh bliana don chéim ar ais. Tá PhD sa Ríomheolaíocht aige agus Baitsiléir Eolaíochta (Onóracha) san Innealtóireacht Ríomhaireachta agus Bogearraí.

 


X

This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu