Aidhm thábhachtach an tionscadail Clíomú ná chun an méid a chuireann gach foinse poitéinsiúil le truailliú faecach i gCuan Bhaile Átha Cliath a thomhas. Tá an fhoireann atá i mbun Clíomú tar éis tabhairt faoi staidéir chun tionchar salú ag madraí ar chaighdeán uisce snámha a thomhas.
In Éirinn, déanann an t-údarás áitiúil monatóireacht ar uisce snámha le linn an tséasúir snámha, idir an 1 Iúil agus an 15 Meán Fómhair. Déantar an caighdeán uisce a rangú bunaithe ar an leibhéal de bhaictéir táscaire faecach a aimsítear i sampla uisce de réir na Treorach um Uisce Snámha[1]. E.coli an t-ainm atá ar na baictéir seo agus tá eintreacocas stéigeach aimsithe i ngoile ainmhithe aonteasach, daoine san áireamh. Tagann siad isteach sa timpeallacht uisce tríd ábhar faecach. Is féidir le truailliú faecach ar thránna teacht ó roinnt foinsí, ar nós camras agus salú ag ainmhithe, madraí san áireamh. Tá a lán pataiginí baolacha i bhfaecas madra, agus is féidir bagairt shuntasach a bheith bainteach leo ó thaobh sláinte phoiblí de, nuair nach bhfuil siad aisghafa ag úinéirí peata. Tá an bhagairt seo follasach go háirithe ar thránna poiblí, áit a bhfuil seans níos mó ag daoine dul i dteagmháil dhíreach le faecas madra ag snámh agus le gníomhaíochtaí fóillíochta eile.
Bheartaigh foireann Clíomú chun tionchar na héifeachta atá le salú ag madraí ar chaighdeán an uisce snámha, a mheas ar cheithre thrá i mBaile Átha Cliath: Dumhach Thrá agus Trá Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, agus trá Dhomhnach Bat agus trá Phort Reachrann i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Rinne an fhoireann suirbhéanna ar shalú ag madraí ar chaon trá chun an meánlíon faecas madra a fhágtar orthu in aghaidh lá amháin, a mheas. Úsáideadh GPS chun taifead a dhéanamh ar an áit a aimsíodh gach cac madra chun na háiteanna is measa de shalú ag madraí a aithint.
Trí úsáid a bhaint as uirlisí móilíneacha chun anailís a dhéanamh ar fhoinse éillithe faecach ar a dtugtar rianú foinse mhiocróbach (MST), tá an fhoireann Clíomú in ann foinse an truaillithe faecach a aithint ó shamplaí uisce. Tá an marcóir MST madra aimsithe ag an bhfoireann i roinnt samplaí uisce snámha timpeall Bhaile Átha Cliath[2].
Bhain an staidéar chomh maith leis an leibhéal E. coli agus eintreacocas stéigeach i bhfhaecas mhadraí na hÉireann, a mheas, le samplaí faecas a bhailiú ó hionaid dídine madra timpeall Chúige Laighean. D’áirigh an fhoireann go bhfuil beagnach 3 bhilliún CFU do E. coli agus 350 milliún CFU d’eintreacocas stéigeach i gcac mhadra amháin. Tugann sé seo le fios go bhfuil an poitéinseal ag cac madra amháin limistéar uisce (0.5m ar dhoimhneacht) thart ar an tomhas céanna le cúirt leadóige amhilleadh.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag:
Dublin City Council Beaches and Bathing Water Quality | Dublin City Council
Dún Laoghaire-Rathdown County Council Bathing Water Quality | Dún Laoghaire-Rathdown County Council (dlrcoco.ie)
Fingal County Council Beaches and Bathing Water Quality Information | Fingal County Council
Environmental Protection Agency Beaches.ie – beaches.ie shares the latest information we have on water quality and other information at the moment you search for it.
This project has been part funded by the ERDF though the Ireland Wales Programme 2014 -2020.
www.irelandwales.eu